Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Máchail: Scéal Díoltais (Buaiteoir – Gradam Uí Shúilleabháin 2020)

0.4 KG:

Móinín

Ré Ó Laighléis

Praghas

12.9515.00

Úrscéal le Ré Ó Laighléis. Snátha as a chéile á dtrasnú féin go sciliúil ealaíonta i dtáipéis dhraíochtúil an scéil íogair seo. Scéal atá go hiomlán ar an sprioc maidir le cúrsaí na linne seo. Scéal diamhair, scéal eachtraíochta, scéal fealsúnachta. Saothar atá eisceachtúil ar an uile bealach!

SKU: N/bh Catagóir:

Cur síos

Saothar próis na bliana ag Oireachtas na Samhna 2019.

Is fear óg é Cormac Mac Guidhir atá tiomantas go hiomlán do bhaint amach an díoltais as a bhfuil déanta ag na baincéirí ar a athair. Scríos, cliseadh meabhrach, dúnadh gnólachta agus an-chuid dochair eile atá mar thoradh ar chaimiléireacht lucht an airgeadais. Ach ní mhaithfear an feall dóibh. Íocfar as ar bhealach nach bhfeadfadh na hairgeadóirí a shamhlú riamh – bealach nach bhféadfadh Cormac féin a shamhlú, go deimin.

Snátha as a chéile á dtrasnú féin go sciliúil ealaíonta i dtáipéis dhraíochtúil an scéil íogair seo. Scéal atá go hiomlán ar an sprioc maidir le cúrsaí na linne seo. Scéal diamhair, scéal eachtraíochta, scéal fealsúnachta. Saothar atá eisceachtúil ar an uile bealach!

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg
Clúdach

Bog, Crua