Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Machnaimh Shoiscéalacha

.3 KG:

Foilseacháin Ábhair Spioradálta

Cothraí Gógan

Praghas

13.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Sagart d’Ord an Spioraid Naoimh is ea an t-údar, Cothraí Gógan, mac le Liam Gógan (file agus foclóirí) agus Máire Nic Fhirbhisigh. Fuair sé a chuid scolaíochta i Scoil Cholm Cille, i gColáiste Naomh Muire agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, mar a ndearna sé tráchtas ar dhánta molta na seanfhilí. Is i Fribourg na hEilbhéise a rinne sé staidéar ar an Diagacht.

Chuaigh sé mar mhisinéir chun na Nigéire tar éis a oirithe sa bhliain 1955. Chaith sé tréimhsí freisin sa Tansáin agus in Oileán Mhuiris agus ó 1972 go dtí 2011 is sa Chéinia a bhí sé. Saothar paróiste agus oiliúnt sagart de chuid an Spioraid Naoimh is mó a bhí ar siúl aige. I láthair na huaire ta cónaí air i mBaile Átha Cliath.

Dála Gaeilgeoirí eile san Aifric, is furasta leis an údar teangacha dúchais a fhoghlaim.

Tá ábhar seanmóra sa leabhar seo do na Domhnaigh uile i rith Bhliain Liotúirgeach C. Aistriúcháin is ea na machnaimh a rinne an t-údar ar a shaothar féin i dteangacha éagsúla agus iad cóirithe do phobal na Gaeilge.

Eolas breise

Meáchan .3 kg