Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Micí s’Againne

0.4 KG:

Éabhlóid

9780995611948

Praghas

10.00

Cur síos

Sa ghreannán seo leantar ‘Micí s’Againne’ agus a chara ‘Cibé Caidé’ agus iad ag tabhairt faoi scéimeanna ráscánta ar fud an bhaile. Is iomaí cleas a mbaineann an péire triail as, ach is minic a fhágtar iad sáite i gcruachás.

Le Gaeilge shoiléir shimplí, tá an leabhar seo fóirstineach d’fhoghlaimeoirí agus do pháistí líofa. Tá na léaráidí go hálainn agus i stíl chlasaiceach an ghreannáin. Tá Micí é féin ina charachtar óg spraíúil a thaitneoidh le daoine óga. Tá scéal iomlán ar gach leathanach, le tús, lár agus deireadh greannmhar gan choinne ar gach ceann. Eachtraí soineanta agus aisteacha, a mbeidh gach páiste tógtha leo agus a mbeidh siad in ann ceangal leo.

(Greannán seachas úrscéal grafach atá sa cheann seo, ach níl dóthain Greannán ann le catagóir iomlán a dhéanamh dóibh!)

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg