Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Mise an fear ceoil – Séamus Ennis – Dialann Taistil 1942–1946 (Buaiteoir – Gradam Uí Shúilleabháin 2007)

0.8 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Ríonach uí Ógáin

Praghas

45.00

Cur síos

Is éard atá sa leabhar seodialann taistil Shéamus Ennis ón tréimhse a chaith sé ag bailiú amhrán agus ceoil i gContaetha na Gaillimhe, an Chláir, Mhaigh Eo, Dhún na nGall, Luimnigh agus an Chabháin do Choimisiún Béaloideasa Éireann. Tá léargas ríspéisiúil ar Shéamus Ennis agus ar a chuid oibre le fáil sa leabhar seo, atá curtha in eagar ag Ríonach uí Ógáin.

Rugadh Séamus Ennis i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, agus ceapadh é ina bhailitheoir le Coimisiún Béaloideasa Éireann nuair a bhí sé trí bliana is fiche d’aois. Is éard a bhí i gceist leis an bpost, taisteal chuig ceantair éagsúla ar fud na tíre leis an gceol agus na hamhráin a bhí beo i mbéal na ndaoine a bhreacadh síos. Tá an dialann a choinnigh sé agus é ag obair leis an gCoimisiún anois i seilbh An Choláiste Ollscoile i mBÁC i gCnuasach Bhéaloideas Éireann. Faightear tuairisc ann ar an saol in Éirinn le linn an Dara Cogadh Domhanda. Mar is dual do dhialann, déantar tagairt ann do ghnéithe éagsúla den saol ag an am sin – traidisiún an cheoil, na daoine agus na pobail éagsúla ar thug Ennis cuairt orthu, an saol a bhí acu, an teanga, agus tá tuiscint le fáil ann chomh maith ar Ennis féin, fear a bhfuil ardmheas air i gcónaí. Tá tábhacht thar cuimse leis an obair a rinne sé agus tá a thionchar le brath go fóill sa traidisiún ceoil atá faoi bhláth sa tír seo. Murach an obair bhailiúcháin a rinne Ennis is cinnte go mbeadh cuid mhaith de na hamhráin agus de na foinn atá le cloisteáil go fairsing anois caillte go deo.

Eolas breise

Meáchan 0.8 kg