Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Mise do Mhamó

0.3 KG:

LeabhairCOMHAR

Majella Ní Dhomhnaill

9781916240322

Praghas

10.00

Cur síos

Is uaigneach an saol a bhíonn ag Cecily Ní Bhaoill. Alcólach a bhí inti fadó agus, mar thoradh air sin, ní bhíonn teagmháil ar bith aici lena hiníon fhásta ná lena beirt gharpháistí. Anois, tá a gariníon ag déanamh réidh lena Céad Chomaoineach a dhéanamh agus, thar aon ní eile, ba bhreá le Cecily bheith i láthair. An féidir léi teagmháil a dhéanamh leis an teaghlach sula mbeidh sé ródhéanach?

Scéal é seo a léiríonn an choimhlint idir an phróifíl shnasta ar Facebook agus an fhírinne lom. Bíonn na carachtair uile ag streachailt lena gcuid fadhbanna féin – idir andúileachas, aonrú sóisialta agus foréigean baile – agus baineann an t-údar leas as guthanna difriúla chun dearcadh thrí ghlúin den teaghlach seo a chur in iúl. Insítear an scéal i nGaeilge shimplí agus tá míniú ar fhocail agus ar nathanna cainte ag bun gach leathanaigh agus sa ghluais ag deireadh an leabhair.

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg