Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Mo Thinteán Féin

0.4 KG:

Coiscéim

Tomás Ó Conchubhair

666001222038

Praghas

10.00

Cur síos

Rugadh Tomás i nGleann na h-Ugha, sa Leithtriúch, i gCorca Dhuibhne. Fuair sé a chuid oideachais sa bhunscoil áitiúil ar an mBaile Dubh, i mBunscoil agus Meánscoil na mBráithre sa Daingean, i gColáiste Iosagáin, Baile Bhúirne, agus i gColáiste Phádraig, Dromchonnrach. Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir sa bhliain 1962. Chuaigh sé i mbun a cheirde i Scoil na mBráithre Loch Garman. D’fhan sé ann go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 2008.

Seo é an chéad leabhar atá foilsithe leis cé go raibh altanna in irisí éagsúla aige le blianta anuas. Caitheann sé a chuid ama anois ag garraíodóireacht, ag léamh agus ag triall go rialta ar an bhfód dúchais sa Leithtriúch, áit a bhfuil an sean-thigh cóirithe aige.

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg