Skip to content

Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta

0.75 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Máirtín Ó Cadhain

9781784441043

Praghas

15.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Níl aon amhras ach gurbh é Máirtín Ó Cadhain mórscríbhneoir Gaeilge na linne seo. Mar scríbhneoir, mar mhúinteoir agus mar agóidí d’fhág sé a mharc go soiléir agus go dána ar an saol. Tiomsaithe faoi chlúdaigh an leabhair seo tá cúig cinn déag de na gearrscéalta is fearr uaidh.

Ó scéalta tuaithe Chonamara mar atá léirithe in An Braon Broghach agus Cois Caoláire go scéalta cathrach An tSraith ar Lár agus An tSraith dhá Tógáil, éiríonn leis an gCadhnach an daonnacht choiteann is dlúth agus d’inneach dá charachtair uile a chur i leith go teann, fórsúil, liriciúil, ealaíonta.

Agus má tá dua féin ag baint le cuid de na scéalta seo a léamh, téann siad chun tairbhe do dhuine ar bith a thabharfaidh fúthu. Mar a dúradh san úrscéal is cáiliúla dá chuid, Cré na Cille: ‘Éistear le mo ghlór! Caithfear éisteacht . . .’ Is fiú éisteacht leis go fóill.

Eolas breise

Meáchan 0.75 kg