Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Mol an Óige 1

0.8 KG:

Gill Education

Caitríona Ní Shúilleabháin, Triona Geraghty

9780717185764

Praghas

27.75

Cur síos

Tagann Mol an Óige 1 (Bliain a 1) go hiomlán le Sonraíocht Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T2), Creat na Sraithe Sóisearaí agus na Treoirlínte Measúnaithe don Ghaeilge.

Tosaíonn gach aonad le píosa litríochta as a n-eascraíonn téama an aonaid.
Tosaíonn gach rannóg le liosta Torthaí Foghlama a bhaineann leis na trí shnáithe; is iad seo na torthaí cuí i gcás na rannóige sin.
Tá na Torthaí Foghlama briste síos ina gcuspóirí foghlama atá éasca do na daltaí a thuiscint.
Scagann gach aonad an téama cuí le réimse tarraingteach gníomhaíochtaí a áiríonn na cúig scil a chuidíonn le Cumas Cumarsáide an dalta: éisteacht, léitheoireacht, ginchumas labhartha, idirghníomhaíocht labhartha agus scríbhneoireacht.
Cuireann na rannóga Cur i Láthair ábhar, foclóir agus modhanna ar fáil do na daltaí a chuideoidh leo cur i láthair a dhéanamh ar réimse topaicí.
Déantar tagairt don Measúnú chun Foghlama (McF) go rialta (féinmheasúnú, obair bheirte, obair ghrúpa, etc.).
Déanann daltaí gníomhaíochtaí a leagann an bhunsraith don Mheasúnú Rangbhunaithe a dhéanfaidh siad i mBliain a 3.
Is féidir leis na daltaí féinmheasúnú a dhéanamh le linn na foghlama leis na seicbhoscaí ‘Féinfheasacht an fhoghlaimeora: Féinmheasúnú’, rud a ligeann dóibh cúnamh a lorg nó a ndul chun cinn a roinnt leis an múinteoir.
Pléitear gnéithe éagsúla de chultúr na hÉireann agus saol na Gaeltachta sna haonaid.
Múintear an ghramadach i mbealach comhtháite sna haonaid ar fad, agus tá aonad gramadaí ann freisin a chinntíonn feasacht teanga.
Tá tascanna agus gníomhaíochtaí Punainne ar fáil i ngach aonad le go mbeidh na daltaí in ann an méid atá foghlamtha acu a úsaid agus machnamh a dhéanamh ar a dturas teanga.

Eolas breise

Meáchan 0.8 kg