Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Múscail, a Ghiorria

0.3 KG:

Arlen House

Eithne Ní Ghallchobhair

9781851322404

Praghas

13.00

Cur síos

Leabhar saorvéarsaíochta le hEithne Ní Ghallchobhair, ina n-insítear scéal an ghiorria, scéal na caillí.

“Tá anáil an bhéaloidis le mothú go soiléir san eipic spreagúil ealaíonta seo. Cuireann scéal an ghiorria ar ár súile go héifeachtach tuiscintí agus tuairimí doimhne ár sinsear i leith an tsaoil agus nádúr an duine: an dá chineál, óg agus aosta, cairde agus céile comhraic. Is figiúr í an chailleach a mhair ar imeall an phobail, díthreabhach a bhí gafa leis an nádúr agus leis an saol eile. Ina ainneoin sin, bhí ról lárnach sa tsochaí aici, ag teacht i gcabhair in am an ghátair, agus ag roinnt eolas praiticiúil agus gaoise go fial ar chách.

Coincheap ársa is ea cumas na caillí í féin a chlaochlú, gné shuaithinseach den scéalaíocht ó ré na meánaoise anonn, tréith atá le sonrú go háirithe sna heipicí clasaiceacha, Tochmharc Éadaoine agus Oidhe Chlainne Lir, atá fite deas fileata isteach i scéal an ghiorria. Sa saothar seo téann an t-údar i ngreim go meabhrach físiúil le téamaí suntasacha ón éigse béil, téamaí atá lán chomh habhartha inniu is a bhí riamh.” (An Dr Críostóir Mac Cárthaigh, Cnuasach Bhéaloideas Éireann)

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg