Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Ná Treascródh Duine Eicínt an Bloc San

0.5 KG:

An Sagart

Roibeard Ó Cathasaigh

9781911330066

Praghas

20.00

Cur síos

Sealanna seanchais le Pádraig ‘Peaidí Neoiní’ Ó Cathalláin.

Tuairisc phléisiúrtha ó bhéal Phádraig Uí Chathalláin ar thoscaí a bheatha i nGaelainn bhinn Pharóiste na Cille i gCorca Dhuibhne atá le clos ar an dá dlúthdhiosca gurb iad bunchlocha an tsaothair seo iad.

Bhí cluas ag Pádraig do dhrámaíocht an tsaoil,  agus cuireann sé eachtraí a shaoil i láthair le fuinneamh is le filíocht na cainte a bhí go rábach aige ón gcliabhán. Tá tras-scríobh ar a chuid cainte ón gcúig rian is daichead ar an dá CD, maille le nóta beathaisnéise i gcló sa chéad mhír den leabhar.

Chaith Ó Cathalláin a óige faoi scáth an bhéaloidis, óir ba ‘tigh mór bothántaíochta’ tigh na gCathallánach ar an gCoimín, agus b’ann a tumadh an garsún in ársaíocht a mhuintire.

Cuirfidh Duibhnigh, canúnaithe, foghlaimeoirí Gaelainne, staraithe sóisialta agus lucht béaloidis suim sa bhfoilseachán so.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg