Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Nár Fhág Ariamh mo Chuimhne: Seisear caomhnóirí Gaeilge as Maigh Eo

0.41 KG:

LeabhairCOMHAR

Fionnuala Uí Fhlannagáin

9781916240353

Praghas

15.00

Cur síos

Saothar é seo ina ndírítear ar sheisear ó Mhaigh Eo – ó cheantair Bhéal an Mhuirthead, Iorrais, Bhéal an Átha, Acla, Oileán Éadaí, agus Thuar Mhic Éadaigh – a d’imigh go Meiriceá i ndiaidh an Ghorta. Cainteoirí dúchais ab ea iad agus rinneadar go léir beart de réir a mbriathar maidir le caomhnú na Gaeilge.

Bhí ceathrar acu i mbun pinn agus thagair gach duine acu ina gcuid scríbhneoireachta do na sráidbhailte inar tógadh iad, chomh maith le himeachtaí domhanda. Is léir go raibh tarraingt nach beag ag a mbailte dúchais féin orthu. Chum na filí, Lally agus Dougher, dánta a bhain le Maigh Eo ach bhí spéis acu i ngnóthaí idirnáisiúnta freisin agus rinne siad tagairt d’imeachtaí i dtíortha eile — Sasana, An tSiria, Veiniséala agus an Tuirc. Sholáthraigh McCormick saothar próis agus Ward filíocht agus amhráin a raibh baint ag an ábhar le Maigh Eo do léitheoirí An Gaodhal.

Bhí Lavelle gnóthach le Cumainn Náisiúnta le linn dó a bheith in Cleveland agus ba dhuine de bhunaitheoirí an chéad chumainn Gaeilge i gCeanada é. Ba é Henehan, a bhí cairdiúil le hEoghan Ó Gramhnaigh, príomhbhunaitheoir Chonradh Gaeilge Mheiriceá.

Cuireann Fionnuala Uí Fhlannagáin mionsonraí faoin seisear ar fáil, a thugann léargas ar a stádas agus a seasamh i measc na nGael thall.

Eolas breise

Meáchan 0.41 kg