Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Ní Ceadmhach Neamhshuim / Apathy is Out (Rogha Dánta/Selected Poems)

0.45 KG:

Cló Iar-Chonnacht, Bloodaxe Books

Seán Ó Ríordáin

9781780375366

Praghas

15.00

As stoc

Cur síos

Tháinig go leor d’fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin óna streachailt leis an uaigneas agus an aonrú a bhain leis an saol in Éirinn i lár an chéid seo caite, tráth a raibh cumhacht mhór ag an Eaglais Chaitliceach.

I gCo. Chorcaí a rugadh é agus is ann a chaith sé a shaol. Corcaíoch chomh maith é an file Greg Delanty a d’aistrigh go Béarla na dánta in Apathy Is Out | Ní Ceadmhach Neamhshuim. Is iomaí file a d’aistrigh dánta leis an Ríordánach cheana, ach go dtí seo níor aistrigh aon scríbhneoir amháin cnuasach mór dá chuid. Tugann an cnuasach áirithe seo guth sainiúil amháin do shaothar Uí Ríordáin agus cuireann sé réimse, spraíúlacht, is brí na filíochta i láthair chomh maith le ‘an ceol a cloiseann tú fós sa Mhumhain / fiú in áiteanna ’nar tréigeadh an chanúint’.

Is minic a deirtear go ndearna Seán Ó Ríordáin athbheochan ar fhilíocht i nGaeilge agus é ag scríobh ó mheon Nua-Aoiseach ina ndearnadh plé ar théamaí mar an gcoimhthiú, an coimhthíos agus géarchéim na feiniúlachta. Ina dhiaidh sin féin bhí sé in ann féachaint amach thar theorainn an Nua-Aoiseachais chuig an ngaol atá ann idir nithe éagsúla an tsaoil.

Eolas breise

Meáchan 0.45 kg