Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Ó Chleamaraí go Ceamaraí – Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil

0.7 KG:

Cló Léann na Gaeilge

Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Róisín Ní Ghairbhí, Pádraig Ó Liatháin

Praghas

25.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Sa chnuasach úrnua seo faoi dhrámaíocht agus taibh ealaíona na Gaeilge, gheobhaidh taighdeoirí, mic léinn, cleachtóirí agus an pobal ealaíne eolas ar ghnéithe éagsúla de scéal na drámaíochta.

Tá aistí scolártha ann a thugann aghaidh ar ábhair ilchineálacha, idir dhrámaí agus díospóireachtaí aimsir na hAthbheochana agus cheisteanna comhaimseartha.

Faightear léargas nua ar chompántais agus ar chleachtais ealaíne in aistí ar leith agus déantar cíoradh freisin ar ghnéithe éagsúla den fhilíocht agus den taibhfhilíocht.

Ina theannta sin, cuirtear cuid de mhórchleachtóirí na drámaíochta Gaeilge faoi agallamh agus faightear cuntais ina bhfocail féin uathu ar a dtaithí mar oirfidigh, ar na roghanna ealaíne a bhain le tograí ar leith agus ar threo na drámaíochta faoi láthair.

Beidh an leabhar ina acmhainn bhuan agus ina spreagadh ag éinne ar spéis leo cúrsaí drámaíochta agus taibhléirithe.

Seo é an dara leabhar sa tsraith ‘Aistí Léannta’ de chuid an inphrionta, Cló Léann na Gaeilge.

Eolas breise

Meáchan 0.7 kg