Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Ó Pheann an Phiarsaigh

0.3 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Pádraic Mac Piarais

Praghas

10.00

Cur síos

Eagrán nua de shaothar cáiliúil a bhí i mórán gach mála scoile i gConamara agus in Éirinn fré chéile lá den tsaol. Chomh maith le roinnt scríbhinní leis an bPiarsach ó An Claidheamh Soluis, tá na gearrscéalta is mó a bhfuil aithne agus gean ag muintir na hÉireann orthu: ‘Bríd na nAmhrán’, ‘Íosagán’ agus, ar ndóigh, ‘Eoghainín na nÉan’, a bhainfeadh deoir as cloch ghlas.

I mBaile Átha Cliath a rugadh Pádraic Mac Piarais in 1879. Thosaigh sé ag cur suime sa Ghaeilge óna óige agus ghlac páirt ghníomhach i gConradh na Gaeilge ó 1896 i leith. Ceapadh ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis é i 1903 agus thosaigh sé ag tabhairt faoin litríocht chruthaitheach ó 1905 ar aghaidh: aistí, drámaí, gearrscéalta, filíocht.

Bhí thar a bheith míshásta le cúrsaí oideachais in Éirinn agus chuige seo bhunaigh sé Scoil Éanna i 1908; ainneoin deacrachtaí airgid, d’éirigh leis an scoil.

Bhí sé in Óglaigh na hÉireann ó bunaíodh iad i 1913 agus tugadh isteach san IRB é an bhliain chéanna. Nuair a tharla an t-éirí amach faoi Cháisc na bliana 1916 ba é a cuireadh i gceannas. Cuireadh Pádraic Mac Piarais chun báis ar 3 Bealtaine, 1916.

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg