Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Ó Rann na Feirste go Taobh an Bhogaigh agus scéalta eile

0.4 KG:

Coiscéim

Tomás Ó hOisticín

6660012220144

Praghas

10.00

Cur síos

Sa chnuasach seo, tá an grá agus an ghruaim, an trócaire agus an easpa trócaire, an bhrúidiúlacht agus an chneastacht shéimh mhín. Tá an greann go láidir ann, agus saibhreas álainn canúnach na teanga. Tá neart aicsin is eachtraíochta ann fosta – agus is léir ó na radhairc troda go bhfuil taithí mhaith ag an údar ar an chomhrac fhisiciúil agus go bhfuil sé breá ábalta cur síos réalaíoch a thabhairt ar an ábhar sin. I gcuid de na scéalta stairiúla, tá an eachtraíocht chróga agus an greann, an feall agus an dilseacht fite fuaite ina chéile go healaíonta.

Chi muid laochra Chogadh na Saoirse ina steille bheatha. Ní rómhinic a shamhlaítear an greann i gcás Mhícheál Uí Choileáin, Harry Boland ná fiú amháin De Valera – ach tá sin ann agus é déanta go healaíonta. Tá léiriú suimiúil ann fosta ar chuid de na gníomhairí rúnda — na mná agus na fir chróga a bhí ag obair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus sna péas — Is a bhí ag cur eolas runda ar fáil d’Ó Coileáin — daoine cróga a d’fhágfadh James Bond in áit na leathphingine. An saol contúirteach ‘dúbailte’ mar a déarfá. Ficsean iontach suimiúil atá sa chnuasach seo. Ba chóir don léitheoir a chuid do-chreidteachta a fhágáil ar leataobh — agus go díreach sult a bhaint as na scéalta.

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg