Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Oidhreacht Sheáin Uí Riada

0.35 KG:

An tOireachtas

Gearóid Denvir (eag.)

Praghas

15.00

Tá stoc againn

Cur síos

Ar an 3 Deireadh Fómhair 1971, seachtainí beaga roimh fhéile Oireachtais na bliana sin, a bhásaigh Seán Ó Riada agus gan ach an dá scór bliain curtha de aige. Cumadóir ceoil a bhí ann a raibh grinnstaidéar déanta aige ar an gceol clasaiceach agus ar cheol traidisiúnta ár sinsear agus bhí clú agus cáil ar a chuid ceolchoirmeacha spleodracha.

Tá anáil Uí Riada le brath go láidir fós ar cheol agus ar amhránaíocht na nGael agus pléadh a oidhreacht ag siompóisiam a d’eagraigh an tOireachtas i mBaile Bhuirne in 2021.

Is é atá sa leabhar seo cnuasach aistí a bunaíodh ar na léachtaí a thug na húdair Gearóid Denvir, Tríona Ní Shíocháin, John O’Keeffe, Peadar Ó Riada agus Seán Ó Sé ag an siompóisiam sin.

Eolas breise

Meáchan 0.35 kg