Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Ón Spidéal go Strasbourg – Cuimhní Cinn

0.6 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Seán Ó Neachtain

9781784442095

Praghas

18.00

Cur síos

Deirtear go mbíonn an pholaitíocht i gcónaí áitiúil, agus is cinnte go raibh sé sin fíor i gcás Sheáin Uí Neachtain. Easpa córas uisce poiblí i gceantar an Spidéil a tharraing isteach i dtreo na polaitíochta é an chéad lá riamh. Ba ag stocaireacht ar son na cúise sin mar chathaoirleach ar an gcoiste pobail agus mar rúnaí ar chumann Fhianna Fáil i dtús na seachtóidí a d’fhoghlaim sé ceird an ghníomhaire pobail. As sin tháinig cuireadh chun seasamh i dtoghchán Chomhairle Chontae na Gaillimhe i 1979. Lean cuireadh eile fós cúpla mí ina dhiaidh chun seasamh i gcéad toghchán Údarás na Gaeltachta. Chuir sin tús le deich mbliana is fiche d’ionadaíocht thofa phoiblí i bhfad is i gcéin. Sheas sé i naoi dtoghchán, trí cinn comhairle contae, ceithre cinn Údarás na Gaeltachta, olltoghchán agus toghchán Pharlaimint na hEorpa.

Eolas breise

Meáchan 0.6 kg