Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Ón tSeanam Anall – Scéalta Mhicí Bháin Uí Bheirn

.5 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Mícheál Mac Giolla Easbuic

Praghas

15.00

Cur síos

Ceoltóir, fidléir, file agus seanchaí ab ea Micí Bán Ó Beirn (1899-1980) a rugadh ar an Chaiseal i gCill Charthaigh i gCo. Dhún na nGall. Duine de sheachtar clainnne, triúr buachaillí agus ceathrar cailíní, ab ea é. De bharr gurbh ailbíneach é ní fhéadfadh sé ach na cinnteidil a léamh sa pháipéar agus bheadh ar dhuine éigin an chuid eile a léamh dó. Bhí intleacht thar an ghnáth aige agus choinnigh sé a chuid eolais uilig ina chloigeann. Bhí cliú agus cáil air féin agus ar a dheartháir Proinsias mar fhidléirí ar fud na hÉireann. Ba í Bríd Ní Bheirn, máistreás scoile áitiúil, a scríobh na scéalta seo ó bhéal Mhicí Bháin Uí Bheirn i 1930, agus ba í a deirfiúr Mairéad a thug an cnuasach do Mhícheál Mac Giolla Easbuic lena chur i dtoll a chéile.

Cúig scéal is fiche atá sa bhailiúchán seo, chomh maith le tréanna, ‘Na Seacht n-Óg’ agus píosa filíochta a chum Micí Bán Ó Beirn dar teideal ‘Turas ar Chill Charthaigh’.

Eolas breise

Meáchan .5 kg