Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896): an Irish scholar from the Béarra Peninsula

0.8 KG:

Cumann Staire Bhéarra

Meidhbhín Ní Úrdail

9781527271814

Praghas

30.00

Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896): an Irish scholar from the Béarra Peninsula. 9781527271814

Tá stoc againn

Cur síos

Is é is ábhar don leabhar seo duine fíorthábhachtach a mhair sna blianta sular bunaíodh Conradh na Gaeilge agus i mblianta luatha na gluaiseachta sin, Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896), ó Leithinis Bhéarra in Iarthar Chorcaí. Tugann Ní Úrdail cuntas beathaisnéise don léitheoir i gcéad chaibidil a leabhair, agus leanann ar aghaidh le hanailís ar fhorbairt an fhir thábhachtaigh seo ó dhuine ar measadh go raibh an-gheallúint ann ina aimsir féin go dtí scoláire áitithe Gaeilge sa bhaile is i gcéin.

Dírítear sa leabhar seo ar ionad agus ar anáil Uí Laoghaire mar bhall gníomhach i gConradh na Gaeilge, a bheag nó a mhór ó thosach a bhunaithe (1893).

Féachtar go grinn ar ról Uí Laoghaire mar anamchara ag Dubhghlas de hÍde (1860–1949) agus ag Seosamh Laoide (1865–1939). Oscailt súl ar thraidisiún amhránaíochta Bhéarra atá sa chomhfhreagras atá tagtha anuas inniu chugainn idir an triúr seo.

Pléitear na dánta a chum Ó Laoghaire agus tugann Ní Úrdail cuntas ar shaothar ceannródaíoch Sgeuluidheacht Chúige Mumhan, bailiúchán neamhchoitianta de sheacht gcinn de scéalta béaloidis ó thraidisiún béil Bhéarra, a foilsíodh in 1895.

Pearsa imill is ea Pádraig Ó Laoghaire in imeacht aimsire nach bhfuil ach corrthagairt dó in aon phlé ar athbheochan an náisiúnachais agus an chultúir Ghaelaigh i mblianta déanacha an naoú céad déag. Creideann Ní Úrdail gurbh é a bhás i mbláth na hóige is cúis leis seo, ach is dóigh léi chomh maith go ndearnadh dearmad air mar gheall ar an ról lárnach a bhí ag Laoghaireach eile ó Chúige Mumhan, an tAthair Peadar, ag an am.

N.B. Is i mBéarla atá plé an leabhair seo, ag tagairt d’fhoinsí Gaeilge.

Eolas breise

Meáchan 0.8 kg