Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Pluid – Scéal na mBlocanna H 1976-81

0.4 KG:

Coiscéim

Eoghan Mac Cormaic

6660012220083

Praghas

10.00

Cur síos

I 1976 thosaigh rialtas na Breataine ag maíomh nach raibh i bpríosúnaigh phoblachtacha sa tuaisceart ach coirpigh. Sheas na príosúnaigh air gur cimí polaitiúla a bhí iontu: dhiúltaigh siad éide an phríosúin a chaitheamh agus obair an phríosúin a dhéanamh. Idir 1976 agus 1981 mhair na céadta díobh ina gcillíní sna Blocanna H gan d’éadaí acu ach pluid, agus a mbanchromrádaithe i bPríosún Ard Mhacha ar stailc níocháin. Chríochnaigh agóid na pluide le stailc ocrais a tharraing aird an tsaoil mhóir agus fuair deichniúr bás.

Agus Eoghan Mac Cormaic as Doire faoi ghlas sna Blocanna H, chaith sé 1,960 lá ar an agóid seo: 1,580 lá ‘ar an phluid’ agus stailc níocháin, agus 380 lá ar stailc oibre i ndiaidh na stailceanna ocrais. Cuireann sé síos anseo ar an saol sna Blocanna, idir gháire agus ghruaim. Is scéal corrach é, scéal daonna, agus scéal tábhachtach.

Bronnadh an chéad duais le haghaidh ábhar léitheoireachta don fhoghlaimeoir fásta ar an leabhar seo i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2021.

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg