Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Raidió na Gaeltachta – Cultúr agus Pobal

.8 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Dáithí de Mórdha

Praghas

20.00

Cur síos

Tugtar féachaint sa leabhar seo ar an dtionchar atá imeartha ag Raidió na Gaeltachta (RnaG) ar shaol agus ar chultúr mhuintir nа Gaeltachta ó bunaíodh an tseirbhís lán-Ghaeilge i 1972. Déantar scéal RnaG a insint trí fráma tagartha an bhéaloidis agus na heitneolaíochta, den gcéad uair. Tugtar léargas ann ar stair na meáin chumarsáide in Éirinn roimh theacht RnaG, agus i bpobail bundúchasacha agus mionlacha ar fud an domhain, agus go háirithe an tsli inar léiríodh cultúr na bpobal úd ar an raidió. Tá cur síos anseo ar na cúinsí inar bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir le saol na Gaeltachta mar a bhí ag an am, agus i gcomhthéacs gluaisteachtaí agóide idirnáisiúnta maidir le cearta sibhialta agus cearta daonna agus an bhaint a bhí ag cúrsaí na meáin chumarsáide leis na gluaiseachtaí seo.

Is as Dún Chaoin gceantar Ghaeltachta Chorca Dhuibhne do Dháithí de Mórdha. Is iriseoir, léiritheoir agus láithreoir é le RnaG, agus is é atá i mbun na sraithe Cartlann Bhóthar na Léinsí. Tá sé ina léachtóir cúnta le Stair & Antraipeolaíocht i Roinn na Socheolaíochta, Ollscoil an Chroí Ró-Naofa, Fairfield Connecticut agus ar a gcampas sa Daingean, Co. Chiarraí.

Cló Iar-Chonnacht, 2022. 9781784442392

Eolas breise

Meáchan .8 kg