Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Rí Thoraí

0.9 KG:

Praghas

25.00

Cur síos

Rugadh Patsaí Dan Mag Ruaidhrí i mBaile Átha Cliath. Tugadh isteach ar altram é ag lánúin gheanúil go hOileán Thoraí, Co Dún na nGall sna 1940í agus é ceithre bliana d’aois. Bhí saol breá folláin aige ar an oileán bhríomhar seo, mar fheirmeoir, iascaire, ealaíontóir agus mar cheoltóir. Rinne Patsaí iarracht theacht ar a bhreith-mháthair ach cheil na húdaráis at t-eolas sin air. Throid sé go fíochmhar in éadan bhánú an oileáin sna 1970í agus rinneadh Rí de in 1993. Cé nach bhfuil scríobh na Gaeilge ag Patsaí, insíonn sé mór-eachtraí a shaoil don Dr Art Hughes sa leabhar seo. Is cinnte gur scéal é ar fiú a inse – agus glacfaidh sé a áit mar scéal suimiúil, spreagúil i leabharlann an domhain.

Eolas breise

Meáchan 0.9 kg