Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Ridire an Ghaiscidh

0.15 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Caitríona Hastings

9781784441401

Praghas

8.00

Cur síos

“Bhí rí in Éirinn fadó, agus is fadó a bhí…” Caithimis seal i gcomhluadar Ridire an Ghaiscidh, mac rí a tógadh in uaigh faoi thalamh, a shantaigh a bheith ina laoch ar nós na laochra sna scéalta a d’insíodh a mháthair altama dó.

Casaimis ar chuid dá chéilí comhraic: fathach, gearrán bán, gabhairín maol, seanchailleach ghránna, cat, Amadán Mór agus a mháthair, iliomad naimhde eile agus, an dúshlán is mó atá le tabhairt aige, Glúin Dubh.

Sa scéal seo chomh maith tá ríthe (cúpla ceann), iníonacha rí (dháréag!) go leor troda, báid draíochta, an Tuircéis Mhór agus an Tuircéis Bheag. Agus mura bhfuil do dhóthain ansin: comórtas ólacháin, daoine á n-aiséirí ón mbás agus spideog draíochta a thagann i gcabhair ar ár laoch in am an ghátair.

Sa leabhar seo cuirtear cor úrnua greannmhar i seanscéal béaloidis a bhfuil idir gháire, ghreann agus ghliondar le fáil go fras ann.

Eolas breise

Meáchan 0.15 kg