Skip to content

Sáirséal agus Dill 1947-1981 – Scéal Foilsitheora

0.8 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Cian Ó hÉigeartaigh, Aoileann Nic Gearailt

9781909367692

Praghas

25.00

Catagóirí: , ,

Cur síos

Céard a thárla nuair a tugadh leabhar le hEarnán de Blaghd mar bhronntanas do Mháirtín Ó Cadhain? Nuair a chuaigh Breandán Ó Beacháin go hÁrainn chun a chuid Gaeilge a fheabhsú? Nuair a tairgeadh beathaisnéis Sheáin Sabhat do roghnóirí an Chlub Leabhar?

Nuair a bhunaigh Seán agus Bríghid Ó hÉigeartaigh a gcomhlacht foilsithe, Sáirséal agus Dill, bhí fúthu ardchaighdeán a bhaint amach idir ábhar agus dearadh na leabhar, iad a dhíol go héifeachtach, agus gan aon chinsireacht a chleachtadh. Laistigh de bheagán blianta bhí liosta údar acu ba dheacair a shárú: Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, Máirtí Ó Direáin, Máire Mhac an tSaoi, Liam Ó Flaithearta agus mórán eile.

Ní gan dua agus costas a cuireadh sin i gcrích. Ba ghearr gur ídíodh bunchaipitil an chomhlachta, agus ba mhinic i mbaol a theipthe é – go háirithe nuair a cailleadh Seán Ó hÉigeartaigh go tobann, in aois a chaoga bliain, agus é ag obair ar phrofaí go déanach san oíche.

Caitheann an leabhar seo géarsholas ar scríbhneoirí agus ar litríocht na Gaeilge, ar chúrsaí tráchtála agus tionsclaíochta, ar ghnéithe den stáseirbhís, ar pholaitíocht na Gaeilge, agus ar pholaitíocht na hÉireann.

Eolas breise

Meáchan 0.8 kg