Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Sárú

0.25 KG:

Praghas

8.00

Cur síos

Mistéir, bulaíocht agus fadhbanna móra an domhain – tá siad go léir le sárú san úrscéal seo do léitheoirí in aois 11–15 bliain. Tá SÁRÚ an-oiriúnach mar ábhar léitheoireachta sa seomra ranga agus tá gluais ag deireadh an scéil.

Is é SÁRÚ an tríú húrscéal do léitheoirí óga a scríobh Anna Heussaff. Bhí na príomhcharachtair chéanna in Vortex (Cois Life, 2006) agus in Hóng (Cló Iar-Chonnacht 2012), a bhuaigh Gradam Speisialta na Moltóirí ó Leabhar Pháistí Éireann in 2013.

Tá imeachtaí físchluiche fite le mistéir agus contúirtí i SÁRÚ mar a bhí sna scéalta eile. Is cluiche nua é SÁRÚ atá á imirt ag Evan agus a chara Rio. An éireoidh leo an domhan a thabhairt slán sa chluiche, nó an gcuirfidh Crúb agus na bulaithe eile stop leo? An gcabhróidh Cara leo – an cailín nach ndéanann gáire? Maidir le Síofra, deirfiúr Evan, an imní is mó atá uirthise ná na bagairtí ón athrú aeráide sa domhan mór, agus tagann casadh mór sa scéal nuair a bhuailtear Baile an Chuain ag stoirm thubaisteach.

Eolas breise

Meáchan 0.25 kg