Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Scaoilim Uaim Thú

0.35 KG:

Coiscéim

Annette Byrne

Praghas

7.50

Catagóir:

Cur síos

Ag deireadh mhí Lúnasa 1994 tá beatha Mhaol Mhuire idir dhá cheann na meá. Í gan lúth ná  urlabhra ná radharc i leaba ospidéil. Ach tá sí ábalta rudaí a chloisteáil… Cloiseann sí Muiris, a  hiarleannán, ag sracadh le dán atá á chumadh ina honóir aige. Níor scríobh sé dán ó gearradh  príosún saoil air, beagnach fiche bliain roimhe sin, faoi choir a bhain leis an tréimhse a chaith sé sa  ‘Ghluaiseacht’. Cuirtear i gcuimhne do Mhaol Mhuire an leisce a bhí ar Mhuiris riamh scaoileadh lena  mhothúcháin—ina shaol cruthaitheach, nó ina ghnáthshaol laethúil sa teaghlach. Scéal é seo faoin  easpa tuisceana agus cumarsáide idir daoine, a choimeádann faoi ghlas taobh istigh de dhomhan  teoranta ár léirstine féin sinn. Ról fuascailteach an ghrá agus na cruthaitheachta…  

As Clár Chlainne Mhuiris i gContae Mhaigh Eo do Annette Byrne. Tá cónaí uirthi anois in Esnandes,  sráidbhaile ar chósta thiar na Fraince, gar do La Rochelle. 

‘Saothar ealaíne den chéad scoth le healaíontóir cruthanta… Baineann an scéal Scaoilim Uaim Thú go  dlúth lenár linn in Éirinn. Ní heol dom aon saothar is mó a thabharfaidh taitneamh duit, idir  ghluaiseacht mhear nua-aimseartha an mhachnaimh agus dhaonnacht na heachtraíochta.’ — Liam  Prút. 

Eolas breise

Meáchan 0.35 kg