Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Scéal an tSeandúin

0.5 KG:

Risteárd Mac Annraoi

Risteárd Mac Annraoi

Praghas

15.00

Cur síos

Is é Naomh Áine croílár an tSeandúin, go deimhin. Seo scéal an teampaill sin de chuid Eaglais na hÉireann maille le cur síos ar an gceantar máguaird. Stair an phobail sa Seandún atá anseo, idir Phrotastúnaigh is Chaitlicigh. Den chéad uair tá fáil ag muintir Chorcaí ar an stair sin i dteanga bhinn na nGael, teanga a bhí á labhairt i dtuaisceart na cathrach riamh agus atá fós.

Pléitear dhá chéad bliain de stair Naomh Áine ó tógadh an i 1722. Anseo leis, tá cuntas ar Scoil na gCótaí Glasa, ar Thigh Deirce Scidí agus an Otharlann

Thuaidh, gan dearmad a dhéanamh ar an Séipéal Thuaidh, Naomh Muire na nDoiminiceánach nó na scoileanna éagsúla sa cheantar. Tobar mórscéalta is mionscéalta atá anseo i dtaobh ministri is sagart is an ghnáthphobail, agus taighde forleathan mar bhun leis an iomlán. Tá na hÉireannaigh Aontaithe is na Fíníní mar chuid den scéal, chomh maith leis na siopadóirí, ollcheannaithe, búistéirí, is cúipéir a bhíodh ag saothrú leo i gceantar an tSeandúin fadó.

Tá aithne ag an bpobal ar Risteárd Mac Annraoi mar staraí, agus mórán de chlasaicí an domhain aistrithe go Gaeilge aige.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg