Skip to content

Scéalta ó m’Óige

0.3 KG:

Éabhlóid

Nuala Ní Ghallchóir

9781916047051

Praghas

10.00

Cur síos

Bailiúchán álainn scéalta a thumann isteach i samhlaíocht shoineanta an pháiste muid ar shlí go bhfeictear an saol arís mar a chonaic nuair a bhí muid óg. Tá an bua sin ag Nuala Ní Ghallchóir sna scéalta seo, díriú isteach ar na mionsonraí a athlasann na cuimhní agus a thugann siar muid go dtí na móimintí sona sin a raibh an saol saor agus gan bhuaireamh. Cuireann Nuala síos ar a saol ag éirí aníos i nGaeltacht Thír Chonaill i lár an chéid seo caite agus mar a d’athraigh rudaí dóibh nuair a bhog an teaghlach ó dheas go Ros Comáin. Cuimhní cinn a thugann ar ais muid go laetha geala ár n-óige, atá lán de nathanna saibhre agus atá scríofa i nGaeilge bhinn bhlasta. Is léiriú breá iad na scéalta seo ar an phearsantacht chaoin a bhí ag an údar agus ar an oidhreacht a d’fhág sí againn.

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg