Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Scór Eile

0.15 KG:

Coiscéim

Pádraig Ó Snodaigh

6660012220113

Praghas

8.00

Catagóir:

Cur síos

…Agus mé ag útamáil lem’ mhála lá, ar sé, “Cad tá sna páipéirí sin?”

“Dréachtaí dánta,” arsa mise, á dtairiscint do. “An mian leat amharc orthu?”

“Ní mian,” ar seisean. “Tá deireadh leo, agus cuireann tusa deireadh le scríobh na filíochta anois, agus sin amhlaidh riamh go dtí go ndeirim a mhalairt leat, má deirim.”

Bhíos béasach (tig liom a bheith in amanna), chuireas ar ais im’ mhála iad, sheasas agus, gan focal a rá, bhuaileas amach an doras.

Away liom, más ea, lem’ shaol mar a bhí, móide so lúide súd, an reacaireacht níos tábhachtaí ná na foinsí nó ócáidi a spreag iad mar insintí athraithe chun leas na scéalaíochta. Bain sult astu…

Rugadh Pádraig Ó Snodaigh i gCeatharlach i 1935. Tar éis a bheith ina theachtaire i gcomhlacht árachais agus ansin ina oifigeach cléireachais le Bord Soláthair an Leictreachais, chaith sé breis is scór bliain ina leaschoimeádaí in Ardmhúsaem na hÉireann. Ba é uachtarán Chonradh na Gaeilge é 1974-9. Is fada aithne air mar staraí, file is foilsitheoir, agus tá a lán leabhar leis i gcló.

Eolas breise

Meáchan 0.15 kg