Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Réamhordú – Seacht dTír Seacht dTeanga

0.5 KG:

Leabhar Breac

Diarmuid Johnson

9781913814106

Praghas

15.00

Cur síos

Leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil, leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na hEorpa le dhá scór bliain anuas ó Inbhear Nis go Bucairist agus ó Chonamara go Vársá.

Tá blianta na Breataine Bige ann ar an seandúchas dó. Tá blianta na Briotáine ann áit a bhfuil teach agus tearmann cois coille aige. Tá blianta na Gaeltachta idir Éirinn agus Albain, blianta ar bhóithre na Polainne ag seinm ceoil, blianta léinn sa nGearmáin, blianta beaga nach iad sa Rómáin agus sa mBruiséil ar lorg na cinniúna, ag saothrú i ngort na héigse agus na healaíne, agus ag coinneáil snáithe faoin bhfiacail ó mhí go mí.

Léargas ar shaol na ndaoine i bhfad ó chroí na cumhachta – sin é an tréith is suntasaí sa leabhar fuinniúil taitneamhach seo, Seacht dTír Seacht dTeanga. Agus léargas dá réir ar dhúchas na hEorpa soir siar ar feadh a bhfuil ann. Fág an baile i do dhiaidh mar sin, cuir mála ar do dhroim, agus siúil leat san áit a gcasfaidh an bóthar thú: ní bheidh tú gan scéal le hinseacht ná gan amhrán le rá nuair a bhainfidh tú díot do dhá bhróig i ndeireadh an aistir.

Nóta: Réamhordú is ea é seo agus ní sheolfar orduithe amach go dtí go mbeidh an leabhar ar fáil. Táthar ag súil leis go déanach sa bhFómhar. Má ordaítear rudaí eile in éindí leis san aon ordú amháin, coinneofar gach rud siar go dtí go mbeidh an leabhar seo ar fáil.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg