Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Seal s’agamsa

0.4 KG:

Coiscéim

Anraí Mac an Ultaigh

6660012190416

Praghas

7.50

Cur síos

Rugadh Anraí Mac an Ultaigh i Sráid an Dúin, ag bun Ascaill Chluanaí, i mBéal Feirste, in 1948. D’fhag sé scoil Mhuire i ndiaidh O-Leibhéil a dhéanamh agus taobh istigh de chúpla bliain, d’oibir sé mar ábhar oifigeach mara, cléireach, báicéir, teicneoir saotharlainne, sclábhaí cistine, freastalaí, fear beáir agus rinne sclábhaíocht de chineálacha éagsúla eile ar láithreáin tógála. Ach d’éirigh sé tuirseach de na pléisiúir seo agus phill sé le hA-leibhéal san Eolaíocht a dhéanamh ar Scoil Bhearna Gaoithe (cé gur thóg se na craenacha Samson ‘s Goliath i rith shaoire na scoile – a bheag nó a mhór). Ba sa ré seo a ‘tharla an Ghaeilge dó’, go díreach mar a bhuailfeadh splanc é.

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg