Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Siamsa an Gheimhridh

0.3 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Domhnall Ó Fotharta

9781784441975

Praghas

10.00

Tá stoc againn

Cur síos

Ba é Domhnall Ó Fotharta, oide scoile sa gCaladh i bparóiste Bhaile an Dúin, údar an leabhair seo. Cnuasach ilchineálach atá ann, amhráin, scéalta, orthaí, paidreacha, seanráite, cluichí agus tomhaiseanna. Chruinnigh scoláirí na scoile cuid den ábhar óna muintir. Tugann an leabhar léargas ar an litríocht bhéil agus ar an gcaitheamh aimsire a bhíodh ar bun in iarthuaisceart Chonamara sa dara leath den 19ú céad. Thuig an Fothartach go raibh an teanga ar hoib imeacht sa gceantar agus go dtráfadh an chuartaíocht, an t-airneán agus an tsiamsaíocht cois teallaigh dá réir. Chronaigh sé an seansaol ach bhain sólás, mar a dúirt sé féin, an ‘cuimhneamh ar na daoine a bhíodh cruinn agus ar an gcaint agus ar an gcomhairle a bhíodh ar bun acu’. Foilsíodh an leabhar i dtosach sa mbliain 1892. Cóiríodh an leagan seo do léitheoirí an lae inniu.

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg