Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Síolta – Pobail Ghaeilge úra agus na daoine a thóg iad

0.7 KG:

Coiscéim

Ciarán Dunbar

6660012210572

Praghas

15.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Ábhar iriseoireachta go príomha is ea an saothar seo, is é sin go bhfuil an leabhar bunaithe ar agallaimh a chuir an t-údar ar ghníomhaithe éagsúla a thóg pobail úra Ghaeilge.

Léifear tuairimí na n-eagraíochtaí Gaeilge agus ghníomhaithe mór le rá, léifear stair Bhóthar Seoighe, Árd Barra, Ráth Cairn, Chairn Tóchair, Na Gaeil Óga, Laochra Loch Lao agus Sabhal Mòr Ostaig chun a bheagán a lua. Léifear tuairimí láidre de gach cineál.

Cé go ndearna an t-údar bunús na n-agallamh agus na scríbhneoireachta le linn 2020, téann a chuid spéise san ábhar i bhfad siar, chuig tús a shlí bheatha mar iriseoir.

Bhí suim ag an údar i gceist sheachadadh na Gaeilge mar chéadteanga i gcónaí, nó chun a bheith níos cruinne faoi, bhí sé ag iarraidh fáil amach cén fáth nach dtugann daoine an teanga dá gcuid páistí.

Tá saineolaithe den tuairim go bhfuil an Ghaeilge – mar chéadteanga agus mar theanga phobail – i ngarbhaol a báis.

Cén fáth? Cad chuige nach dtógann níos mó daoine a gcuid páistí le Gaeilge?

Tá na saineolaithe beagnach ar aon fhocal maidir leis an cheist chiotach sin – tá tearmainn nó pobail de dhíth ar an Ghaeilge chun maireachtáil mar chéadteanga.

Mar sin de, tá dlúthcheangail idir cheist sheachadadh na teanga agus ceist na bpobal úr, ós iarrachtaí iad (seachas Ráth Cairn) comhthéacs nádúrtha a chruthú do thógáil pháistí le Gaeilge.

Eolas breise

Meáchan 0.7 kg