Skip to content

Siúrmó (Tríológ Mharseille – Leabhar 2) Ainmnithe – Gradam de Bhaldraithe 2023

.5 KG:

Leabhar Breac

Jeam-Claude Izzo, Bernadette Nic an tSaoir

Praghas

15.00

Cur síos

Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus socraíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote faoin ngrian. Ach nuair a imíonn mac lena chol ceathrair gan tásc, tarraingítear Montale ar ais isteach i gcúlsráideanna dorcha Mharseille.

Cur síos álainn fileata é seo ar Mharseille – ó chúl-sráideanna an Phanier go dtí an Canabière agus anuas go dtí an seanchalafort agus ar na Francaigh, na hIodálaigh, na Spáinnigh agus na hArabaigh arbh iad pobal na cathrach sin iad.

On Ocsatáinis an focal Siúrmó (Chourmo), foireann sclábhaithe a bhíodh ag iomradh ar na gaillí Rómhánacha, tráth den saol, ach a bhfuil ciall eile anois leis: buíon daoine atá i gcruachas agus ar ga dóibh tarraingt ar aon bhuille le teacht slán.

Eolas breise

Meáchan .5 kg