Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Smuf

0.2 KG:

An Gúm

Alan Titley

Praghas

6.50

Catagóirí: ,

Cur síos

Ba í an scread a dhúisigh mé.

Bhí bean ina staic os mo chomhair amach agus éadaí ina lámha aici. Bhí a haghaidh chomh dearg le fíon dearg agus bhí sí ar crith ar nós glóthaí ar ghrideall. A cuid gruaige ina seasamh mar a bheadh coirceog bheach agus an seordán céanna ag teacht as. Bhí a lámha ag gluaiseacht soir siar agus ar ais arís, agus cheap mé go dtitfeadh ceann díobh go talamh. Béal mór uirthi ag dul suas síos agus focail ag teacht amach nár thuig mé agus nár chuala mé riamh cheana. Súil amháin ag féachaint orm, agus
an tsúil eile ar na giobail a bhí ina lámh…

Aois 10+

 

Eolas breise

Meáchan 0.2 kg