Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
Lascaine!

Snátha den Seansaol – Strands of Traditional Life

.8 KG:

Martello

Pádraig Ó Héalaí

Praghas

22.00

Cur síos

Cad é ról an bhéaloidis sa tsochaí thraidisiúnta in Éirinn? Conas a mhúnlaigh seantuiscintí saol an phobail?

Sa bhailiúchán aistí seo a chuimsíonn cuid mhaith de réimsí a spéise léinn, déanann an scoláire béaloidis, Pádraig Ó Héalaí, plé ar ghnéithe éagsúla de thraidisiún na tíre seo agus tugtar éachtaint ar anáil an bhéaloidis ar shaol na nglúnta romhainn – go háirithe ar an mBlascaod.

Ó thuiscintí bainteach le hiompar clainne, caidreamh tuistí lena leanaí, go dtí ról na draíochta i leigheas na muintire, finscéalta a chothaíonn claontuiscintí faoin lucht siúil – cuirtear i láthair anseo raon fairsing den mheon agus de chleachtais a bhain leis an seansaol.

Bunaithe go príomha ar fhianaise bhailiúchán Chnuasach Bhéaloideas Éireann, roinnt freisin ar scríbhinní an Bhlascaoid, agus i gcásanna áirithe, ar obair pháirce an údair, maille le léaráidí, osclaíonn Snátha den Seansaol fuinneog ar an mbéaloideas ag feidhmiú sa phobal agus soilsíonn sé domhan atá imithe as cuid mhór.

Cuimsíonn gach aiste Ghaeilge achomaireacht i mBéarla leis an údar. Martello Publishing, 2022. Pádraig Ó Héalaí.

Eolas breise

Meáchan .8 kg