Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Súil an Daill

0.48 KG:

Leabhar Breac

Darach Ó Scolaí

Praghas

18.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Ainmnithe – Gradam Uí Shuilleabháin 2022
Ainmnithe – Gearrliosta Ghradam Leabhar na Bliana An Post 2022

Tir Eoghain 1539: Conn Bacach ina thiarna agus a chlann mhac in iomaíocht lena fhábhar a thuilleamh. Seo é scéal Chonchúir Mhic Ardail: cléireach, ardfheidhmeannach, athair. Is í forbairt agus cur chun cinn an tiarnais fís Chonchúir. Idir é agus fíorú na físe tá iliomad rud — guagacht a mháistir, éad na n-uaisle, cistí folmha, cúraimí clainne, agus a laigeachtaí féin mar dhuine.

Anuas orthu sin ar fad, tá mac an tiarna ann, Feilimí Caoch Ó Néill, an gaiscíoch mealltach ar mian le Conchúr é a mhúnlú mar phrionsa Eorpach ar an déanamh nua.

As dlúth is inneach na staire, fíonn údar An Cléireach agus Táin Bó Cuailnge bréidín an tiarnais Ghaelaigh dúinn, taipéis mhór bheo Ghaeltacht dheireadh na Meánaoise agus thús an Renaissance ina mhaireann easpaig is iascairí, dochtúirí is dlíodóirí, giollaí is gallóglaigh, cailíní cuideachta is bantiarnaí.

Ghnóthaigh an saothar seo duais an Oireachtais in 2019.

Eolas breise

Meáchan 0.48 kg