Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Táin Bó Cuailnge

0.6 KG:

Praghas

18.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Ceann de na heipicí is mó agus is fearr a scríobhadh riamh, agus é anois ar fáil sa Nua-Ghaeilge.

Is é Táin Bó Cuailnge an scéal is faide agus is tábhachtaí atá againn sa luathlitríocht, agus tá sé ar cheann de na heipicí próis is mó agus is clúití dár scríobhadh riamh.

Ar Ghearrliosta an IRISH BOOK AWARDS

Baineann scéal na Tána leis an ionradh a rinne Ailill agus Méabh Chonnacht agus ‘ceithre ollchúige Éireann’ ar Chúige Uladh, ag iarraidh tarbh an chúige a bhreith leo as Cuailnge. Is ann a insítear scéal Chú Chulainn, an laoch óg a sheas an fód ar son na nUltach ó Luan tosaigh na Samhna go dtí tús an earraigh, gan ina chuideachta ach a charbadóir Lao, agus é in aghaidh mhórshluaite Ailealla is Mhéibhe.

Is ann freisin a déantar cur síos ar a óige, ar a chéad ghaiscí, ar an gcaoi a fuair sé a ainm, agus ar a chomhrac crólinnteach lena chara is a chomhalta, an laoch Connachtach Feardia.

Ba san 11ú hAois a breacadh na leaganacha is sine dá bhfuil againn de Tháin Bó Cuailnge. Is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge.

Eolas breise

Meáchan 0.6 kg