Skip to content

Tairngreacht (Buaiteoir – Leabhar na Bliana 2019 ag Gradaim An Post)

0.5 KG:

LeabhairCOMHAR

Proinsias Mac a' Bhaird

9781999802967

Praghas

12.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Cuirtear saol Chonchúir Uí Bhraonáin bun os cionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Gan mhoill tá a bheatha féin i mbaol. Is léir áfach, nach Conchúr amháin atá i gcontúirt agus go bhfuil comhcheilg ar siúl a bhainfeadh an bonn de chumhacht an Phápa agus a chuirfeadh deireadh leis an Eaglais.

Má tá Conchúr le teacht slán, caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar sheict dhorcha a bhfuil a fréamhacha aici sa luathChríostaíocht féin. Ach an í seo an fíornamhaid? Mura n-éiríonn leis an mhistéir a réiteach in am, fíorófar an tairngreacht uafásach a rinneadh míle go leith bliain ó shin; tairngreacht a d’athródh an saol go deo.

Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais ar an úrscéal seo.

Rinneadh cur síos ar Phroinsias Mac a’ Bhaird mar ‘Dan Brown na Gaeilge’ nuair a foilsíodh Rún an Bhonnáin (LeabhairCOMHAR, 2010) agus is cinnte go bhfuil an bheocht, an mhistéir agus an phlotaireacht bhríomhar chéanna, a choinneodh i do shuí mall san oíche thú, san úrscéal nua seo uaidh. Tá cónaí ar an údar i dTír Chonaill, lena chúram agus lena mhadadh Pluto, áit a n-oibríonn sé mar mháistir scoile.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg