Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Taiscéal (Idirbhliain)

16.95

Cur síos

Leabhar saothair don Ghaeilge san Idirbhliain is ea Taiscéal, ina bhfuil:

  • Seacht n-aonad bunaithe ar théamaí atá suimiúil do dhaltaí na hIdirbhliana (mar shampla: CV, laethanta saoire, taithí oibre agus imeachtaí scoile).
  • Béim ar an bhfoghlaim idirghníomhach chun meas agus grá don teanga a chothú sa rang, le meascán de chluichí, dúshláin, obair ghrúpa agus ceachtanna spraíúla i ngach aonad.
  • Deiseanna chun an teanga a labhairt go rialta chun muinín na ndaltaí a fhorbairt don scrúdú béil. Tá réamhrá do na sraitheanna pictiúr sa leabhar chomh maith.
  • Réimse filíochta agus amhrán le ceisteanna oiriúnacha agus deiseanna taighde.
  • Ceachtanna chun cur leis an stór focal agus siúl siar a dhéanamh ar an ngramadach.
  • Deiseanna le taighde idirlín a dhéanamh i ngach aonad agus úsáid a bhaint as acmhainní teicneolaíochta chun díriú ar an nGaeilge ar líne.
  • Ábhar oiriúnach do dhaltaí Ardleibhéil agus Gnáthleibhéil agus a oibreoidh i ranganna a bhfuil caighdeán measctha ann.
  • Spás scríbhneoireachta le gach ceacht. Feidhmeoidh Taiscéal mar phunann oibre ag deireadh na bliana.
  • Go leor ceachtanna traschuraclaim a bhfuil nasc acu le hábhair scoile eile.
  • Dúshlán ‘Comórtas na Gaeilge’ a spreagfaidh na daltaí chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn taobh amuigh den seomra ranga i rith na bliana.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg

Praghas 16.95

0.5 KG:

CJ Fallon

Emma Ní Nualláin, Oisín Mac Cinnéide

9780714426914