Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Tearmann na Mara

.5 KG:

Coiscéim

Jake Mac Siacais

Praghas

12.50

Cur síos

Is úrscéal eachtraíochta é seo a shamhlaíonn an comhoibriú idir Óglaigh na hÉireann (an IRA) agus Euskadi Ta Askatasuna (ETA) i dTír na mBascach. Leanann muid scéal Phádraig Mhig Aoidh, captaen an bháid Tearmann na Mara agus Óglach sinsearach, agus Iñaki Uribarri, gníomhaí sinsearach in ETA agus captaen an Jare, long Bhascach. Téann scéal s’acu frid cuid de na eachtraí móra agus na hamanna corraitheacha le linn na coimhlinte in Éirinn agus i dTír na mBascach.

Castar orainn chomh maith na gníomhairí stáit atá ag obair ina néadan. Léirítear an choimhlint ó dhearcaí éagsúla, agus tá feall, fulaingt is laochas fríd an scéal. Feictear géarú ar an troid ag an am céanna a chuirtear tús le próisis síochána. Ag bogadh go gasta ó Thír na mBascach go hÉirinn agus ó thaobh go taobh, tugann an scéal spreagúil seo léargas úr duinn ar thréimhse shuaite.

Eolas breise

Meáchan .5 kg