Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Teasáras Gaeilge-Béarla / Irish-English Thesaurus – Ainmnithe – Gradam An Post don Leabhar is Fearr a Foilsíodh in Éirinn 2023

2 KG:

New Island

Garry Bannister

9781848408098

Praghas

54.95

Tá stoc againn

Cur síos

Teasáras Gaeilge–Béarla le Garry Bannister, eagrán nua iomlánaithe de mhórshaothar an údair aitheanta.

  • Beagnach 700,000 focal ann
  • 1088 leathanach
  • Mórshaothar tagartha
  • Treoir ghramadaí
  • Clúdach crua

Leac mhullaigh éachtach é an Teasáras Gaeilge-Béarla ar obair shaoil an údair, Garry Bannister. Ócáid chinniúnach staire é foilsiú an mhórshaothair i leith staidéar na teanga agus a cultúir, leabhar tagartha é nach bhfuil a mhacasamhail ar fáil cheana.

Taifead cuimsitheach é a nochtann scéimh, solúbthacht, doimhneacht agus stair na Gaeilge, é tagtha ar an saol mar thoradh ar an taighde fhairsing chríochnúil atá déanta ag Bannister.

Cuimsíonn an Teasáras comhchiallaigh, cleachtaí agus nósanna cainte, comhcheangail fhocal, leaganacha logánta agus seanfhocail. Léiríonn na hiontrálacha sa Teasáras seo peirspictíochtaí úra nach mbeifí ag súil leo sa teanga faoi mar a bhí sí inné agus mar atá sí inniu. Is áis an-úsáideach ar fad do stór focal an úsáideora iad na liostaí atá breactha de réir téama.

Anuas air sin tá cuntas nuálaíoch ar oibriú na Gaeilge Nua-Aoisí curtha faoinár mbráid sa Treoir Ghramadaí i gcúl an leabhair. Cuireann an Teasáras seo saibhreas suntasach nua le corpas téacsanna tagartha na Gaeilge.

Acmhainn áisiúil riachtanach is ea é, agus taisce dhothomhaiste do chainteoirí, scríbhneoirí agus iriseoirí, d’údair, d’aos dána agus do lucht foghlama agus, go deimhin, do dhuine ar bith a dteastaíonn uathu slacht, snas agus snoiteacht a chur ar a scileanna teanga idir labhairt agus scríobh na Gaeilge.

Munarb é seo an Teasáras a bhí á lorg agat, féach an ceann eile le Nicholas Williams.

Eolas breise

Meáchan 2 kg