Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Tír na Deo (Evertype)

0.3 KG:

Evertype

J.M. Barrie

9781782011361

Praghas

13.95

Cur síos

“Agus mhúin sé dúinn conas eitilt agus d’imíomar leis go Tír na Deo mar a raibh na Foghlaithe Mara agus na Sióga agus na Fir Dhearga agus na Murúcha agus an Teach faoi Thalamh.”

Seo eagrán nua de Tír na Deo, aistriúchán a rinne Máiréad Ní Ghráda ar ghearrinsint ar Peter Pan and Wendy, an scéal iomráiteach do pháistí a cheap an scríbhneoir Albanach J. M. Barrie (1860–1937). Foilsíodh Tír na Deo den chéad uair in 1938. Fágfaidh Peadar Pan, Clingín Cloig, agus an Crúcaire, bithiúnach an scéil, a rian ar an léitheoir. Tá an draíocht agus an díobháil fite fuaite ina chéile sa scéal seo agus is iomaí cor agus casadh ann. Ní hionadh go bhfuil Wendy agus a beirt deartháireacha ar bís le dul ar thóir eachtraíochta i dTír na Deo. Is amhlaidh gur féidir scaoileadh go hiomlán leis an tsamhlaíocht sa tír iontach sin.

 

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg