Skip to content

Tomás na hOrdóige agus scéalta eile

0.8 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Nóirín Ní Nuadháin

Praghas

40.00

Cur síos

Pacáiste Scéalta, Drámaí agus Cluichí do Mhúinteoirí Bunscoile
Is breá le gach uile pháiste scéal. Áirítear an scéalaíocht ar cheann de na straitéisí is éifeachtaí atá ag an múinteoir sa seomra ranga. Tá béim curtha ar an scéalaíocht i gCuraclam Teanga na Bunscoile (2019) leis an Snáithe Teanga Ó Bhéal.

Moltar go mbeadh na páistí ag éisteacht le teanga i gcomhthéacs agus ag úsáid na teanga ó athinsint a dhéanamh ar scéal atá ar eolas trí phictiúir/phuipéid a úsáid, sraith pictiúr a chur in ord agus labhairt fúthu.Is é sin go díreach atá ar siúl ag na páistí a úsáideann an pacáiste idirghníomhach teagaisc seo.
(www. curriculumonline.ie na hUirlisí Úsáide agus Ábhar Tacaíochta).

1. Cochaillín Dearg
2. Cinnín Óir agus na Trí Bhéar
3. An Tornapa Mór
4. Na Trí Mhuc
5. An Buachaillín Sinséir
6. An Chircín Bheag Rua
7. Tomás na hOrdóige
8. Luaithríona
9. Hansel agus Gretel
10. Jeaic agus an Gas Pónaire

• Dírithe ar pháistí bunscoile ó na naíonáin ar aghaidh
• Sé phictiúr lannaithe A4 le gach scéal
• Dráma gearr simplí le gach scéal
• Patrúin i gcomhair masc agus puipéad láimhe agus méar

Léitheoireacht
Tabharfaidh na scéalta agus na gníomhaíochtaí sa phacáiste seo blas do na páistí ar thús na léitheoireachta.

Eolas breise

Meáchan 0.8 kg