Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Tromluí

0.3 KG:

Praghas

10.00

Cur síos

Cé hé féin? Dúnmharfóir contúirteach a mharaigh an cara is fearr a bhí aige? Andúileach drugaí? Nó – más fíor do na nuachtáin – an dá rud, b’fhéidir? Seo cuid de na ceisteanna atá le freagairt ag Eoghan Ó Broin a dhúisíonn i mbothán sléibhe agus a chuimhne glanta, folamh. Gan aige ach brionglóidí aisteacha agus iardhearcaí scanrúla, tá sé ag iarraidh míreanna mearaí a shaoil a chur le chéile arís. Gan de chúnamh aige ach Sinéad – cailín nach bhfuil aon chuimhne aige uirthi ach a deir go bhfuil sí in aon rang leis ar scoil. Tá a fhios ag Sinéad cé hé ach maidir leis na ceisteanna eile níl na freagraí aici siúd ach oiread leis féin. Bhuaigh an leabhar seo Duais Oireachtais in 2009 sa réimse ‘Ficsean do Dhaoine Óga 13–15’.

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg