Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Tuatha Dé Danann (Buaiteoir – Leabhar na Bliana 2018 ag Gradaim An Post)

0.25 KG:

Praghas

16.00

Athinsint bhreá bhríomhar atá sa leabhar seo ar theacht Thuatha Dé Danann, scéal a bhaineann le dúchas na nGael agus le flaitheas na hÉireann.

Catagóirí: ,

Cur síos

Is le misneach mór, le héirim aigne, agus le feabhas a gcuid draíochta a bhain Tuatha Dé Danann seilbh na hÉireann de na Fir Bolg fadó, agus is le dícheall agus le díograis na dtréanfhear agus na ndeithe a shéan siad ceannas an oileáin ar na Fomhóraigh lá ab fhaide anonn.

‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag Gradaim Leabhar An Post 2018

Athinsint bhreá bhríomhar atá sa leabhar seo ar theacht Thuatha Dé Danann, scéal a bhaineann le dúchas na nGael agus le flaitheas na hÉireann.

Scéal flaithiúnais, scéal dúchais, scéal ársa agus scéal nua — sin é atá i scéal na n-eachtraí faoi mar atá inseacht agus aithris orthu sa leabhar beag eipiciúil seo. Cé mar a baineadh an ghéag de Nuadha, cérbh é Lugh Lámhfhada, cén tairngreacht do Bhalar na Súile Nimhe, agus cén bhandáil a bhí ag an Daghda cois Éirne?

Eolas breise

Meáchan 0.25 kg