1916 – Seachtar Dearmadta
- 0.5 KG:
€10.00
Stoc ar fáil
Luan Casca 1916, fógraíodh Eire ina poblacht neamhspleách ag Ardoifig an Phoist i mBaile Átha Cliath. B’eol don seachtar a chuir ainm le forógra na poblachta sin gur dhócha go gcuirfi chun báis iad muta n-fireodh leo. Sin mar a tharla, agus maireann a gclú đã thoradh.
Ach bhí seachtar eile a cuireadh chun bais i bPriosún Chill Mhaighneann de bharr páirt a ghlacadh san éirí amach, agus níl an aithne cheanna orthus Seán Heuston, Willie Pearse, Ned Daly, Michael Mallin, Mícheál Ó hAnnracháin, John MacBride agus Con Colbert. Cérbh iad féin? Cen chaoi ar tháinig siad isteach i ngluaiseacht na saoirse? Céard a rinne siad seachtain na Cásca? Cén fáth ar chuir na húdaráis chun báis iad?
Freagraítear na ceisteanna sin agus tuilleadh sa leabhar seo, a thugann cuntas ar bheatha spéisiúil gach duine den seachtar dearmadta seo, chomh maith lena gcion i scéal 1916 agus ar bhain leis. Foilsítear é in éineacht leis an tsraith teilifise 1916: Seachtar Dearmadta, agus maisítear é le híomhánna ón tsraith.
Is staraí é Aindrias Ó Cathasaigh a scríobh na scripteanna don tsraith teilifise 1916: Seachtar Dearmadta. Scríobh sé scripteanna 1916: Seachtar na Casca freisin, sraith a bhain duaiseanna ag Gradaim Acadamh Scannán is Teilifise na hÉireann agus ag Gradaim na Meán Ceilteach. Is é údar an leabhair a ghabh leis an tsraith sin freisin, chomh maith le leabhair eile ag plé leis an tréimhse chéanna i stair na tire.




