Skip to main content

Ach, a Mhuirnín, a Aguistín

  • 0.5 KG:
Praghas

10.00


Earrach 1964, agus Agaistín i lár a thurais chun aithne a chur ar an domhan agus air féin. Scoir leis tríd an Eoraip agus isteach sa domhan Arabach, agus iomad scéalta barrúla is spéisiúla ar an mbealach. Tá fís na hIndia ina cheann, ach a chúrsa curtha as riocht ag miotas is stair, Óiche is Míle Shearsáide, agus filí móra na hIaráine. Agus an maighnéad is mó, cathair mhórchreidimh Iarúsailéim, á shíortharraingt aniar. Seachas sin, an fliú, easpa airgid, cathú Casa Campanas, hipithe an Casbah, agus Londain… Corráil na linne agus corráil na staire os a chomhair i gcónaí, ach trína chuid eachtraí uile, tá carrthanas is flaithiúlacht le brath go láidir.

Ach tá fadhbanna búnusacha le réiteach ag Agaistín féin agus é ag leanúint lena shiúlta. An é saol an chultúir is na filíochta atá roimhe, nó an post socair sin a bhí aige i mBaile Átha Cliath? An léánfaidh sé leis an taisteal, nó an bhfillfidh sé ar a mháthair aonair? Agus thar aon ní eile, an bhfuil bean a dhiongbhála le fáil aige áit éigin amuigh ansin?

Taithí, smaointe agus tuiscint ghéar arís ag Seán Ó Meara, agus fianaise bheo ar shaol na seascaidí mar a chonacthas é d’fhear óg siúlach scéalach.