Ag Bualadh Clé is Deas
- 0.7 KG:
- Coiscéim
- Alan Titley
- 6660012160211
€10.00
Ní raibh mé riamh iontach maith ag an matamaitic, ná go deimhin ag na sumanna gan ach deich gcinn de dhigití nó mar sin agam, ach tá ár gcuid uimhreacha draíochta féin againn go léir. D’fhéadfainn, gan amhras, 666 alt a sholáthar, ach tá’s ag an diabhal gur beag duine a bheadh sásta leis sin. Tá uimhreacha draíochta eile ann, gan amhras, agus sin an fåth a bhfuil tri roinn sa leabhar in ómós do na trí muca, na tríghabhar gruf, tri dhuille na seamróige. Mheasas go seachnóinn uimhríochtaímistéireacha an Khabbalah nó Na Géige Óir nó Omina Mundi mar ní thuigfeadh aon duine a dtábhacht, go háirithe mé féin. Ar deireadh, shocraíos ar an uimhir 77, arb uimhir dheas shlán inláimhsithe i agus a dtarlaíonn go glanseansúil arb é lion na bpríosúnach é a chuir rialtas an tSaorstáit chun báis gan triail le linn chogadh na gcarad ar mhaithe le síocháin, le comhréiteach agus in aghaidh an fhoréigin. Ar chúis éigin nach dtuigim cheapas gurbh fhiú é sin a mheabhrú don phobal i mbliain seo chomóradh 100 bliain an Éirí Amach dúinn.
Le teann dáiríreachta nó le corpáin diablaíochta, cá bhfios? Ní raibh mé riamh iontach maith ag an matamaitic, ná go deimhin ag na sumanna gan ach deich geinn de dhigiti nó mar sin agam, ach tá ár gcuid uimhreacha draíochta féin againn go léir. D’fhéadfainn, gan amhras, 666 alt a sholáthar, ach tá’s ag an diabhal gur beag duine a bheadh sásta leis sin. Tá uimhreacha draíochta eile ann, gan amhras, agus sin an fáth a bhfuil tri roinn sa leabhar in ómós do na trí muca, na tri ghabhar gruf, trí dhuille na seamróige. Mheasas go seachnóinn uimhríochtaímistéireacha an Khabbalah nó Na Géige Óir nó Omina Mundi mar ní thuigfeadh aon duine a dtábhacht, go háirithe mé féin. Ar deireadh, shocraíos ar an uimhir 77, arb uimhir dheas shlán inláimhsithe i agus a dtarlaíonn go glanseansúil arb é líon na bpríosúnach é a chuir rialtas an tSaorstáit chun báis gan triail le linn chogadh na gcarad ar mhaithe le síocháin, le comhréiteach agus in aghaidh an fhoréigin. Ar chúis éigin nach dtuigim cheapas gurbh fhiú é sin a mheabhrú don phobal i mbliain seo chomóradh 100 bliain an Éirí Amach dúinn.
Le teann dáiríreachta nó le corpáin diablaíochta, cá bhfios?





