Skip to main content

Ag Fás Aníos in Iarthar na nDéise

  • .4 KG:
  • Coiscéim
  • Tom O'Donoghue
Praghas

€15.00


Chaith Tom O’Donoghue blianta fada ina léachtóir i Nua-Ghuine Phapua san Aigéan Ciúin Theas, agus tá scéal a shaoil ansin inste aige cheana i Déiseach i Nua-Ghuine Phapua. San Astráil atá sé ó shin, ar an gceird chéanna. Ach i rith an ama bhí tionchar a óige sna Déise le brath aige, agus is chuige sin atá sé sa leabhar seo.

Rianaíonn sé cúlra na muintire dar díobhé, agus a theacht in inmhe i Lios Mór. Chuaigh an scolaíocht i bhfeidhm air go mór, agus eaglais a bhí i mbarr réime an tráth sin. Agus is é a chuimhne ar a chomharsana a d’fhág an lorg is láidre: na cairde a bhí aige, an iliomad siopa a bhí ar an mbaile, an obair a thugadh ar fud na dúiche é.

Cuireann sé síos ar an saol sin anseo le grá agus dúthracht. Más saol é atá imithe faoin am seo, maireann a lorg agus d’fhán sé le Tom, fiú agus é ina dheoraí ar an taobh eile den domhan.